Full Description
Tá Lísa marbh - ach ní thuigeann sí é go fóill. Is ait léi é nuair a dhéanann daoine neamhshuim di agus gan uaithi ach beagán tuisceana. Bhí sí i dtimpiste! An lá dár gcionn, agus í istigh ag obair castar beirt spiorad uirthi. Seoladh Siobhán agus Séimí chuici leis an drochscéala. Ach níl Lísa ré le himeacht. Caithfidh sí slán a fhágáil fós. Tá seantaithí ag Siobhán agus Séimí ar a leithéid. Agus cuidíonn siad le Lísa slán is céad a rá sula n-imíonn sí sall.